"Nochtar Gal Gréine re crann, Bratach Fhinn fá garg i dtreas, Lomlán do chlochaibh don ór Dar liom, fá mór a meas."

f/ch An Chrannóg, Srath na Corcra, Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall. (074) 9532208

Baile - Cé Muid Féin - Achainí Sínithe - Achoimriú - Summary- Nuacht- Achainí - Naisc - Físeán


Cruinniú le Aire na Gaeltachta

Bhí cruinniú ag Guth na Gaeltachta leis an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, an tUasal Padraig Ó Ciardha T.D., i mBaile Átha Cliath inné (19 Bealtaine).  Rinneadh mionphlé faoin ghéarchéim teanga atá sa Ghaeltacht agus an géarghá atá ann go mbeadh an phráinn atá leis an cheist seo aitheanta go soiléir sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge rud nach raibh sa Dréacht a foilsíodh ar an 26 Samhain 2009. 

Mhol muid chomh maith go mbeadh céimeanna soiléire leagtha amach sa Straitéis le dul i ngleic leis an fhadhb seo sa Ghaeltacht mar atá leagtha amach san aighneacht a rinne Guth na Gaeltachta don Chomhchoiste Oireachtais (féach www.guthnag.com ) agus mar atá molta sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch 2007 (féach http://www.pobail.ie/ie/AnGhaeltacht/AnStaidearTeangeolaioch/). 

Caithfear an t-aitheantas cuí a thabhairt do ról criticiúil an chainteora dúchais agus na teaghlaigh atá ag tógail a gclann le Gaeilge in aon Phlean Rialtais don Ghaeilge.

Thug an tAire éisteacht mhaith dúinn agus tá sé dóchasach go mbeidh tuairisc ar fáil go luath ón Chomhchoiste Oireachtais atá ag plé leis an Straitéis faoi láthair.  Glacann muid leis go mbeidh an tuairisc seo a fhoilsiú agus go mbeidh sé soiléir cé hiad na hathruithe atá an Comhchoiste ag moladh taréis an phroiséas comhairliúcháin ata ar siúl ó bhí tús na bliana ann. 

Tá cruinniú iarrtha againn chomh maith leis an Aire Oideachais agus Scileanna, Máire Ní Chochlainn T.D.


Glór na nGael

Is léir go bhfuil cuid mhór éiginnteachta ag baint le cúrsaí maoinithe san earnáil dheonach Gaeilge faoi láthair. Tá fógra iomarcaíochta tugtha ag Glór na nGael do sheachtar dá gcuid fostaithe de bharr na héiginnteachta seo. Ba mhaith le Guth na Gaeltachta a dtacaíocht a léiriú do na heagrais Ghaeilge seo uilig agus go háirithe do Ghlór na nGael a bhfuil obair mhór déanta acu le blianta fada anuas le gné na Gaeilge den fhorbairt pobail a chothú ar fud na tíre agus go háirithe sa Ghaeltacht. Tá obair thábhachtach déanta acu mar aon leis na heagrais Ghaeilge eile. Is léir go bhfuil tiomantas láidir léirithe acu don teanga agus go spreagann na heagraíochtaí seo cuid mhór gníomhaíochtaí ar bhonn deonach sna pobail éagsúla. 

Ba mhór an chontúirt é don teanga má ligtear an tiomantas seo le sruth agus na spriocanna uaillmhianacha atá sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge le baint amach againn. Is é an phríomhláidreacht atá ag an teanga ná an tiomantas deonach seo a spreagann sé sa phobal i gcoitinne agus tá ról lárnach ag na heagrais Ghaeilge sa phróiseas sin. 


 

Comhghairdeas le RITH 2010, rinneadh obair mhór.  Tá muid ag súil go dtiocfaidh sé go Tír Chonaill an chead am eile, tá muid i mbun traenála cheana féin.  Seo físeán ceoil goirid faoi: 

 

 

D'eirigh go maith leis an chruinniú a bhí ann ar an Aoine seo caite leis an Comhchoiste Oireachtais faoin Dréacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.  Bhí cuid mhór toscaireachtaí i lathair ó chuile cheantair Gaeltachta agus is cinnte go bhfuair an Comhchoiste leargas maith ar an ghéarchéim teanga atá sa Ghaeltacht.  Beidh cruinniú eile ag an Chomhchoiste gan mhoill ag a mbeidh Údarás na Gaeltachta, údair thuarascail Fiontar DCU agus údair an Staidéar Cuimsítheach Teangeolaíoch ar Úsaid na Gaeilge sa Ghaeltacht ag déanamh cur i lathair.

Éist anseo  le raiteas Ghuth na Gaeltachta don Chomhchoiste Oireachtais i gCois Fharraige ar an Aoine 26 Feabhra (7 noiméad .MP3 Sábháil an Nasc)

Beidh deis eile ag pobal na Gaeltachta plé a dhéanamh ar impleachtaí an Dreacht Straitéis don Ghaeltacht le linn Éigse Uladh i nGaoth Dobhair an deireadh seachtaine seo(féach clár iomlán thíos ag bun an ríomhphoist seo).  Beidh Séamus Mac Giolla Choill ón Roinn Gnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag tabhairt caint ar an Aoine faoin téama seo agus beidh sé ar fáil chomh maith ar an Satharn don seisiúin plé.  Is deis maith é seo do na coistí pobail ach go háirithe soiléiriú a fháil ar an athstruchturadh atá beartaithe ag an Roinn.

 Éigse Uladh 2010 (Clár)

Téama:      

“Forbairt Pobail agus Pleanáil Teanga i gcomhthéacs an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i dtaca leis an Ghaeltacht”

 

 

 

Tionólfar an cruinniú Gaeltachta den Comhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta  in Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Chois Fharraige, Indreabhán, Co na Gaillimhe ar an Aoine an 26 Feabhra 2010.

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 Dréacht:


Aighneacht GHUTH NA GAELTACHTA (English)


Fáiltíonn Guth na Gaeltachta roimh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030. Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil plean cuimsitheach ann ag an leibhéal seo le comhtháthú agus treorú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an Stáit i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta. Glacann muid leis, má chuirtear an maoiniú cuí ar fáil agus má chuirtear i bhfeidhm na moltaí uilig go mbeidh tionchar iontach dearfach acu ar an teanga. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh tacaíocht traspháirtí ag cibé straitéis a aontófar le leanúnachas agus cinnteacht a chruthú.


Géarcheim Teanga sa Ghaeltacht
É sin ráite, síleann muid go bhfuil laigeachtaí suntasacha sa dréachtstraitéis seo i gcás na Gaeltachta de. Deirtear go bhfuil an chuid Ghaeltachta den phlean bunaithe ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (SCT) a foilsíodh i 2007. De réir an Staidéir sin, tá géarchéim teanga sa Ghaeltacht agus má leantar ar aghaidh le rudaí mar atá faoi láthair go mbeidh deireadh leis an Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht taobh istigh de 20 bliain.
"Is é tátal lom shuirbhé na ndaoine óga nach bhfuil ach idir 15 bliain agus scór bliain fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa chuid is láidre den Ghaeltacht..." (SCT: l.27)
Mar sin, tá gá le gníomhú go práinneach ó thaobh na Gaeltachta de ach níl an phráinn sin le feiceáil nó fiú amháin luaite sa Straitéis. Chomh maith leis sin, tá cuid mhaith de mholtaí an Staidéir Teangeolaíochta seo nach bhfuil san áireamh sa Dréachtstraitéis 20 Bliain. Mar sin, molann muidinne gur chóir cuireadh a thabhairt d’údair an staidéir sin (Conchúr Ó Giollagáin, MA, PhD agus Seosamh Mac Donnacha, BA, MSc.) cur i láthair a dhéanamh don Chomhchoiste.


Caidé tá muidinne ag moladh ó thaobh na straitéise de?


Tá muid go láidir den bharúil go bhfuil leathnú na Gaeilge ar fud na tíre, mar atá leagtha amach sa dréachtstraitéis, ag brath go mór ar bhuanú ceart a dhéanamh ar an Ghaeilge sa Ghaeltacht agus mar sin de tá muid ag éileamh:
go léireodh an Stát go soiléir gurb é príomhaidhm na Straitéise sa Ghaeltacht ná athnuachan a dhéanamh ar an phobal Gaeilge inti trí chéimeanna misniúla a ghlacadh in aghaidh na géarchéime teanga atá ag bagairt air.

Céim 1
Struchtúr tacaíochta cuí a chur ar fáil do na Cainteoirí Dúchais


Tá neamart á dhéanamh ar an chainteoir dúchais sa dréachtstraitéis agus ba chóir go mbeadh sé mar bhunaidhm ghné na Gaeltachta den straitéis cur le líon na gcainteoirí dúchais sa Ghaeltacht. Molann muid:

1. Spriocanna:

Go mbeadh spriocanna sonracha luaite sa Stráitéis, ní hamháin i dtaca le líon na gcainteoirí laethúla sa tír ina iomlán a mhéadú, ach fosta:

i. líon na gcainteoirí dúchais sa Ghaeltacht sa mhéadú

ii. líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht a mhéadú.

iii. líon na dteaghlach atá ag tógail a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di a mhéadú.

 

2.Polasaí Náisiúnta maidir le hOideachas Gaeltachta

Tá práinn faoi leith le polasaí soiléir a bheith ceaptha maidir le hoideachas Gaeltachta a chuimseodh na nithe seo a leanas:

i. Soláthar sonrach a dhéanamh don chainteoir dúchais i naíonraí agus i mbunscoileanna Gaeltachta nó i gcás ceantair le daonra níos ísle, go ndéanfar soláthar don chainteoir dúchais i sruthanna faoi leith sna naíonraí agus sna bunscoileanna. Faoi láthair, tá an soláthar céanna á dhéanamh ins na scoltacha Gaeltachta ar na cainteoirí dúchais (páistí a bhfuil an Ghaeilge mar theanga bhaile acu) agus atá ar na foghlaimeoirí (páistí a bhfuil an Béarla mar theanga bhaile acu). De réir na saineolaithe teanga, níl an córas sin chun tairbhe ceachtar den dá ghrúpa.

ii. Go mbeadh curaclam úr ann dírithe ar riachtanais na gcainteoirí dúchais.

iii. Go mbunófaí Bord Oideachais sa Ghaeltacht le haidhmeanna oideachais an Stáit sa Ghaeltacht a cheapadh, a bhainistiú agus monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn. Tá muid ag moladh an cúram sin a thabhairt d'eagraíocht ar nós: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG).

iv. Go bhfuil soiléiriú ag teastáil sa Straitéis ar na hAonaid Sealbhaithe Teanga atá beartaithe do na trí phríomhcheantar Gaeltachta.

 

3. Struchtúr Tacaíochta do na Teaghlaigh Ghaeltachta:

i. Scéim cosúil le Scéim Labhairt na Gaeilge (SLG) a bheith ann dírithe ar an chainteoir baile agus ar na blianta 0-7.

ii. Go gcuirfí gréasáin d’Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh sa Ghaeltacht ar fáil mar thaca do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge.

iii. Go ndéanfar soiléiriú sa Straitéis go ndáilfí maoiniú ar chúrsaí sóisialta, spóirt agus pobail ar phobail éagsúla Ghaeltachta ar an tuiscint go reáchtálfar a gcuid imeachtaí tré Ghaeilge agus ar bhealach atá ag teacht le plean teanga an cheantair.

Céim 2:
Soiléiriú agus neartú ar ról
Údarás na Gaeltachta & na nEagraíochtaí Pobalbhunaithe

Tá míshuaimhneas mór léirithe i measc phobal na Gaeltachta i gcoitinne faoin athrú róil atá beartaithe d’Údarás na Gaeltachta. Tá gá le soiléireacht faoin ról úr seo a bheith sonraithe sa Straitéis lena chinntiú nach mbeidh céim síos á thabhairt d’fhócas Gaeltachta na heagraíochta. Ba chóir go mbeadh treisiú á dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an Stáit sa Ghaeltacht mar gur ins an Ghaeltacht atá an ghéarchéim teanga.
Deir an Rialtas go mbeidh Údarás na Gaeltachta/Gaeilge níos láidre agus gur breis cúraimí atá i gceist don Údarás. Tá pobal na Gaeltachta amhrasach faoi sin go háirithe nuair a fheiceann siad an dóigh ar laghdaíodh buiséad bliantúil an Údaráis ó €40,000,000 sa bhliain 2008 go dtí €30,000,000 i mBúisead 2010. Bheifí ag súil leis gur breis maoinithe a bheadh i gceist má tá tuilleadh cúraimí le bheith ar an Údarás. Molann muid:

i. Go mbeadh cúraimí nó feidhmeanna an Údaráis (go hairithe cúraimí fiontraíochta) leagtha amach go soiléir sa Straitéis agus go mbeadh idirdhealú déanta eatarthu agus cúraimí Fhoras na Gaeilge.

ii. Go mbeadh an teideal ‘Údarás na Gaeltachta agus na Gaeilge’ ar an ghníomhaireacht úr.

iii. Go mbeadh fostaíocht teanga-lárnaithe luaite sa Straitéis mar cheann de phríomhaidhmeanna an Údaráis sa Ghaeltacht.

iv. Go mbeadh an ról príomhúil ag an Údarás i gcúrsaí pleanála sa Ghaeltacht le cosaint a thabhairt don teanga.

v. Go mbeadh maoiniú an Údaráis á dháileadh sa Ghaeltacht de réir pleananna sásúla teanga a bheith curtha ar fáil ag na ceantair/pobail agus go mbeadh an maoiniú bunaithe ar na pleananna sin.

vi. Go mbeadh soiléiriú ar ról lárnach eagraíochtaí pobalbhunaithe, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, i bhfeidhmiú na Straitéise ar an talamh i gcomhair leis an Údarás agus go mbeadh maoiniú cuí á chur ar fáil do na heagraíochtaí sin thar thréimhse mheántéarmach in áit a bheith ag brath ar dheontas bliantúil. Thabharfadh sé sin deis dóibh pleananna a chur le chéile agus earcú agus forbairt a dhéanamh ar an fhoireann chuí.

vii. Go mbeadh tacaíocht/comhairleoireacht/próiseas cuí á c(h)ur ar fáil do na heagraíochtaí pobalbhunaithe i dtaobh pleananna teanga a chur le chéile, a chur i gcrích agus a mheas.

3. Moltaí Eile

i. Go mbeadh áit sa churaclam scoile d’fheasacht chultúrtha/stair theanga na hÉireann leis an aos óg a chur ar an eolas faoi oidhreacht luachmhar teanga agus chultúrtha na hÉireann.

ii. Go nglacfaí leis an mholadh Aire Stáit don Ghaeloideachas a bheith ceaptha sa Roinn Oideachais.

iii. Go léireodh an Rialtas é féin an sampla ó thaobh ‘normalú’ na teanga de i dTithe an Oireachtais.

iv. Go mbeadh athbhreithniú neamhspleách á dhéanamh ar dhul chun cinn na Stráitéise ag mar shampla, an Coimisinéir Teanga, go rialta.

v. Má tá fiche faoin gcéad de na háiteacha ins an Coláistí Oiliúna le bheith curtha i leataobh d'ábhair oidí ón Ghaeltacht nó ón chóras Gaelscolaíochta, luíonn sé le ciall go mbeadh sé mar aidhm, go fadtéarmach, go mbeadh Coláiste Oiliúna lán-Ghaeilge ann, lonnaithe i gceantar Ghaeltachta.

vi. Go gcinnteofar go bhfuil comhthéacs uile-oileáin ag an Straitéis de réir a chéile agus go bhfuil go leor acmhainní agus tacaíochta ag pobal na Gaeilge sna 6 Chontae agus nach ndéanfar atheagrú ar earnáil óg dheonach na Gaeilge ó thuaidh mar gheall ar phlean atá dírithe ar chúinsí na teanga ó dheas.

Cúlra Ghuth na Gaeltachta
Bunaíodh Guth na Gaeltachta i nGaoth Dobhair i mí Lúnasa 2009. Reáchtáil muid sraith cruinnithe poiblí ó shin ar fud na nGaeltachtaí. Bhí an brúghrúpa i mbun feachtais leis an phobal a chur ar an eolas faoi impleachtaí na gciorruithe a bhí molta ag an Bord Snip Nua don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Anois, tá muid ag díriú isteach ar na himpleachtaí a bheidh ag an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 ar chúrsaí Gaeltachta go háirithe. Is feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta.

 

 


 

 

NÍOR chóir deireadh a chur leis na prionsabail ar throid muintir na Gaeltachta agus na Gaeilge ar a son go dícheallach. Seo a leanas achoimriú ar na prionsabail sin:

1. Roinn na Gaeltachta faoi cheannasaíocht an Aire a choinneáil Breis Eolais
2. Cúraimí fiontraíochta Údarás na Gaeltachta a choinneáil Breis Eolais
3. Oideachas Gaeltachta agus Gaeilge a chosaint Breis Eolais
4. Scéimeanna forbartha teanga, cultúrtha agus ealaíne a choinneáil agus a leasú más gá Breis Eolais
5. Ciste caiteachais a bheith ar fáil d’oibreacha caipitil, infreastruchtúir agus pobail i gceantair iargúlta mar an Ghaeltacht Breis Eolais

Seo físeán gearr faoi Ghuth na Gaeltachta atá thart ar 5 nóiméad ar fhad. Déantar cur síos ann ar an Seoladh Náisiúnta le linn Oireachtas na Gaeilge 2009 i Leitir Ceanainn, príomh mholtaí an Bord Snip Nua i dtaca leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht agus ar aidhmeanna an fheachtais pobail seo. Tá cúpla urlabhraí ón ghrúpa, ionadaithe pobail chomh maith leis na grúpaí ceoil An Chrann Óg agus Cor Thaobh a Leithid le feiceáil ann

 

Cá bhfuil do Chomhairle Contae ?

Ghlac Comhairle Contae Dhún na nGall d’aonghuth le rún tacaíochta d’achainí Ghuth na Gaeltachta ar an 28 Meán Fómhair, 2009.  Ghlac siad le leasú ar an rún sin ag moladh gur choir an achainí a sheoladh ar aghaidh go dtí na hÚdaráis Áitiúla ar fud na tíre.  Iarraimid oraibh mar sin labhairt le bhur gComhairleoirí Contae áitiúla agus iarraidh orthu tacú leis an rún seo nuair a thagann sé os a gcomhair.

Ár mbuíochas le Comhairleoirí Contae Dhún na nGall as an seasamh aontaithe a ghlac siad don Ghaeltacht agus don Ghaeilge.

Seol ríomhphost chugainn ag an seoladh atá luaite thíos le do thacaíocht a chur in iúl. (Déan an seoladh a scríobh isteach i do chóras ríomhphoist.)

post

Íoslódáil
s s s s
Is feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta
atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta .