
f/ch An Chrannóg, Srath na Corcra, Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall. (074) 9532208
Baile - Cé Muid Féin - Achainí Sínithe - Achoimriú - Summary- Nuacht- Achainí - Naisc - Físeán
Príomh Fheidhmeannach úr le ceapadh ar Údaras na Gaeltachta / New Chief Executive to be appointed for Údaras na Gaeltachta
English below:
Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 Mar is eol daoibh, tá athbhreithniú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigúla faoi lathair. Is féidir leat aighneacht a sheoladh isteach nó suirbhé a líonadh amach ach dul go dtí suíomh idirlíne na Roinne www.ahg.gov.ie. Is é an spriocdháta nó an 31 Eanáir, 2012.
Iarrtar oraibh ar a laghad an suirbhe a líonadh isteach le bhur dtoil, ní ghlacann sé ach 10 noiméad. Tá sé fíorthábhachtach go bhfuil Acht Teanga ann agus nach ndéanfar lagú as cuimse air. Ní bheidh an deis seo againn arís lenar dtuairimí a thabhairt.
Ma tá aon cheisteanna agat, tá muid ar fáil le cuidiú libh. Seo aighneacht Ghuth na Gaeltachta. Is feidir libh na moltaí seo a úsáid ina iomláine nó aon chuid de gur mian libh.
CROÍ NA hACHTA TEANGA 2003 LE BAINT AG AN RIALTAS NUAIR A DHÚNFAR OIFIG AN CHOIMISINÉARA TEANGA
COMHALTAÍ AN TIONÓIL Ó GACH TAOBH AG LABHAIRT le ionadaithe pobal na gaeilge AG LÁ EOLAIS i stormont D'imigh Comhaltaí ó nach mór gach páirtí den Tionól i mbun cainte le Conradh na Gaeilge, Guth na Gaeltachta agus Comhaltas Uladh maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ag an gcéad lá eolais ó thuaidh in Óstán Stormont, Béal Feirste BT4 3LP, an tseachtain seo caite(25 Deireadh Fómhair 2011). Tháinig Comhaltaí ón bPáirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre; Sinn Féin; An Páirtí Aontachtach Daonlathach; agus Páirtí an Chomhaontais chuig an lá eolais chun teangacha sa chóras oideachais ag leibhéal GCSE; an soláthar meánscolaíochta trí mheán na Gaeilge; agus straitéis i leith na Gaeilge sna Sé Chontae a phlé le hionadaithe ón trí eagras agus le daoine áitiúla ó na toghcheantair éagsúla freisin.
Bhí an lá eolais ina dheis ríthábhachtach d'ionadaithe polaitíochta chun dul i gcomhairle le pobal labhartha na Gaeilge i dtaca le beartais agus cinntí a imríonn tionchar ar an bpobal céanna, dar le Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Táimid iontach sásta gur ghlac Comhaltaí ó beagnach gach páirtí den Tionól am le teacht chun labhairt le hionadaithe Pobal na Gaeilge agus óna dtoghcheantar féin i dtaca le cúrsaí teanga sna Sé Chontae." Chuir Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta tús le seisiúin chomhairliúcháin le Teachtaí Dála agus Seanadóirí ó dheas chun iad a chur ar an eolas maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta don chéad uair ar an 01 Nollaig 2009, áit gur labhair breis agus 80 TD agus Seanadóir le hionadaithe ó ghrúpaí éagsúla Gaeilge agus Gaeltachta maidir le cúrsaí teanga agus pleanáil sa Ghaeltacht. Sna sála ar a mhacasamhail de sheisiúin chomhairliúcháin a reáchtáil do pholaiteoirí an deiscirt arís i 2010 agus níos luaithe i mbliana, thug Comhaltas Uladh, Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta faoi lá eolais do Chomhaltaí an Tionóil Reachtaigh a reáchtáil don chéad uair ar an 25 Deireadh Fómhair 2011. Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chomhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge: "Ba iontach an rud é ionadaithe ó gach toghcheantair fud fad na Sé Chontae a fheiceáil i mbun cainte le muintir Stormont ag an gcéad lá eolais Gaeilge do Chomhaltaí an Tionóil. Creideann muid ar fad gur am cinniúnach é seo don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, ó thuaidh agus ó dheas, agus dá réir tá sé ríthábhachtach dúinn Comhaltaí ó na páirtithe ar fad sa Tionól a choimeád ar an eolas maidir le cúrsaí teanga ó thuaidh."
Aighneacht Ghuth na Gaeltachtamaidir le dréachtú Ráiteas Straitéise na seirbhísí cúirte 2012-2014
Aighneacht Ghuth na Gaeltachta chuig Údarás Craolacháin na hÉireann maidir le seirbhís raidió Gaeilge dírithe ar an óige
Aighneacht Ghuth na Gaeltachta faoi scéim úr le áit Scéim Labhairt na Gaeilge a ghlacadh
Freagair Ghuth na Gaeltachta ar fógra an Aire Stáit Donnchadh Mac Fhionnghaile English Version below: 90 TD & SEANADÓIR NUA IMITHE I gCOMHAIRLE LE POBAL NA TEANGA AG LÁ EOLAIS CHONRADH NA GAEILGE & GHUTH NA GAELTACHTA 2011
LÁ EOLAIS 2011 Gaeilge & Gaeltacht ar an gclár RIALTAIS Tá Lá Eolais á eagrú ag Guth na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge ar an gCéadaoin, 1 Meitheamh 2011, chun tacaíocht na bpolaiteoirí a chinntiú leis na héilimh atá againn a chur chun cinn. Tionólfar an lá eolais ó 8.00rn - 6.00in in Óstán Buswells i mBÁC díreach trasna ón Dáil. Iniata, tá cóip den bhileog eolais leis na príomhphoinntí a bheidh le húsáid ar an lá Tá sé tábhachtach go mbeadh ionadaíocht mhaith againn ó na coistí pobail éagsúla ar fud na tíre atá ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Iarrtar ar aon duine atá ar fáil ar an lá, le labhairt lena n-ionadaithe polaitíochta áitiúla, teagmháil a dhéanamh le Sine Nic an Ailí ag +353 (0)1 4757401 / sine@cnag.ie chun é sin a chur in iúl dúinn roimh an Déardaoin, 26 Bealtaine 2011. Déanfaidh Síne teagmháil le hoifigí do chuid polaiteoirí ansin len iad a mhealladh go dtí an t-óstán nuair a bheidh tú i láthair. Is mó seans go dtiocfaidh Teachtaí ó na dáilcheantair s'acu le labhairt linn má tá deis acu bualadh le duine le vóta ón dáilcheantar céanna.
Leagan Béarla thíos/ English version below
Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag leanúint leis an bpróiseas comhairliúcháin le Teachtaí Dála agus Seanadóirí maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta trí lá eolais eile a eagrú in Óstán Buswells, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, ó 8.00rn - 6.00in Dé Céadaoin, 1 Meitheamh 2011, don tríú bliain as a chéile.
Tá Guth na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge ag tabhairt cuireadh do Theachtaí na Dála agus an tSeanaid nua teacht le cúrsaí oideachais na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus cur i bhfeidhm Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 de chuid an Rialtais go háirithe, a phlé le hionadaithe ón dá eagraíocht, áit go mbeidh daoine áitiúla i láthair ó na dáilcheantair éagsúla le labhairt lena bpolaiteoirí féin ag an lá eolais.
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Seo deis do Theachtaí nua dul i mbun comhairle le hionadaithe Chonradh na Gaeilge agus Ghuth na Gaeltachta óna ndáilcheantar féin i dtaca le cúrsaí teanga, agus is seans í do pholaiteoirí gur bhuaileamar leo cheana caidreamh níos láidre a chothú le pobal na Gaeilge agus iad féin a thabhairt cothrom le dáta ar chúrsaí reatha na Gaeilge agus na Gaeltachta."
Arsa Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta: "D'éirigh le pobal na Gaeilge dul i bhfeidhm go mór ar na polaiteoirí roimh an olltoghchán le déanaí, agus thug gach páirtí le fios sna forógraí a bhí acu go seasfaidís leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. "Tá deis ag an Rialtas nua beart a dhéanamh de réir a mbriathar anois, áfach, agus léiriú dúinn go bhfuil siad dáiríre faoi thacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltachta, trí Príomhfheidhmeannach nua a cheapadh ar Údarás na Gaeltachta, agus trí tacú leis an Údarás mar is cóir tríd an maoiniú agus na hacmhainní cuí a chur ar fáil don eagras leis an gclár oibre acu a chur i gcrích go héifeachtach."
Déanfar plé freisin ar chuid de na moltaí fiúntacha a bhí i bhforógraí na bpáirtithe maidir le múineadh na Gaeilge agus conas an teanga a chur chun cinn sa chóras oideachais ag an lá eolais. I measc na moltaí a bheidh béim á leagan air, áirítear moladh Pháirtí an Lucht Oibre chun ábhar amháin eile, sa bhreis ar an nGaeilge, a mhúineadh trí mheán na Gaeilge ag leibhéal na bunscoile; moladh Fhine Gael go mbeadh dhá ábhar ann don Ghaeilge ag leibhéal na hArdteistiméireachta; agus moladh an dá pháirtí rialtais nua go gcuirfí feabhas ar oiliúint na múinteoirí le tréimhse níos faide sa Ghaeltacht d'ábhar oidí, srl.
INFORMATION DAY 2011 IRISH & Gaeltacht ON GOVERNMENT AGENDA
Conradh na Gaeilge and Guth na Gaeltachta are continuing the consultation process with TDs and Senators regarding Irish-language and Gaeltacht issues by organising another information day in Buswells Hotel, Kildare Street, Dublin 2, from 8.00am - 6.00pm on Wednesday, 01 June 2011, for the third year running.
Guth na Gaeltachta and Conradh na Gaeilge are inviting newly elected and re-elected members of the Dáil and Seanad to come to discuss in particular questions on Irish-language education, Údarás na Gaeltachta and the implementation of the Government's 20 Year Strategy for the Irish Language 2010 - 2030, with representatives of both organisations and local constituents from politicians' own constituencies at the information day.
Julian de Spáinn, General Secretary of Conradh na Gaeilge says: "This is an opportunity for new TDs to consult with representatives of Conradh na Gaeilge and Guth na Gaeltachta from their own constituencies with regards to language issues, while for politicians with whom we have already met, it affords them the chance to further their relationship with the Irish-language community, and to bring themselves up to speed on the current state of affairs as regards to Irish and the Gaeltacht areas."
Éamonn Mac Niallais, spokesperson for Guth na Gaeltachta says: "The Irish-language community made a big impact on politicians in the run-up to the recent general election, and every party issued manifestos that pledged their support for the Irish language and for the Gaeltacht in one way or another. "The new Government now has the opportunity to show they are serious about supporting both the Irish language and the Gaeltacht areas by acting immediately to appoint a new Chief Executive for Údarás na Gaeltachta, and by supporting the Údarás with adequate funding and resources to fulfil their duties and programme of work efficiently and effectively."
Some of the excellent recommendations made in the parties' manifestos, in particular regarding the teaching of Irish and how to promote the language through the education system, will also be under discussion at the information day. Amongst the recommendations made, there will be a particular focus on the Labour Party recommendation to teach one further subject, in addition to Irish, through the medium of Irish at primary school level; the Fine Gael recommendation to have two subjects for Irish at Leaving Certificate level; and the recommendation of both government parties to improve the training of teachers by increasing significantly the period of time spent by trainee teachers in the Gaeltacht, etc. Bunscoileanna beaga/ Small National Schools Leagan Béarla ar bun /English version below:
The Department of Education is currently looking for submissions in relation to a review they are undertaking at present relating to small national schools (less than 50 pupils).
Many small Gaeltacht schools will be affected by this review and there may be cases where schools could be asked to amalgamate with other schools where the medium of instruction is not Irish. We ask you to demonstrate support for these schools by making a submission to the Department of Education outlining the importance of these schools for language support and the local community in general. Submissions need to be sent in before 18 March
Ceapacháin Gaeltachta Fáiltíonn Guth na Gaeltachta roimh cheapachán an Aire Stáit úr Gaeltachta, Dinny McGinley T.D. ag an Taoiseach, Enda Kenny T.D. Tá tacaíocht leanúnach tugtha ag Dinny do Ghuth na Gaeltachta le dha bhliain anuas. Mar chainteoir dúchais as Gaoth Dobhair agus mar bhall dén Chomhcoiste Oireachtais trasphairtí a bhí ag plé leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, tá taithí agus tuiscint an-mhaith aige ar an ghéarcheim teanga atá sa Ghaeltacht agus an phráinn ata ann le feidhmiú laithreach ar mholtaí an Straitéis 20 Bliain.
Fáiltíonn muid choimh maith roimh an chinneadh Aire sinsearach le curaimí Gaeltachta a cheapadh sé sin, an Aire Gnóthaí Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Jimmy Deenihan T.D. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh ionadaíocht ag an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ag Bord an Rialtais mar a bhí molta sa Straiteis 20 Bliain.
Cruinniú eile i nGaillimh 11 Márta, 2011 Pléifear seo agus ceisteanna/moltaí agatsa ag an gcruinniú a bheidh againn ar an Aoine seo, 11 Márta 2011, ag 14.00 i.n. san óstán Menlo Park i nGaillimh. Beidh Raidió na Gaeltachta ag craoladh ó seomra eile san óstán ar an Aoine chomh maith idir 1.30 agus 2.00.
GOVERNMENT FOR NATIONAL RECOVERY 2011-2016
An Gaeilge agus an Ghaeltacht We will support the 20 Year Strategy for the Irish Language 2010-2030 and will deliver on the achievable goals and targets proposed.
We will undertake a thorough reform of the Irish curriculum and the way in which Irish is taught at primary and second levels of education. We will reform the curriculum so more emphasis is put on oral and aural skills. We will allocate 50% of marks to the oral Irish exam at Leaving Certificate level.
We will aim to double the proportion of Irish students sitting the Higher Level Leaving Certificate exam by 2018.
Gaeltacht regions will benefit from the jobs action plan outlined in this document. Under our proposals, we will deliver new job creation prospects to Gaeltacht regions. We will invest in energy, broadband and water infrastructure, creating the modern infrastructure needed to attract and support new businesses and jobs. We will also strongly support the potential for jobs in tourism and marine activities. We will continue to support the Irish language broadcasting and arts sector.
We will review the Official Languages Act to ensure expenditure on the language is best targeted towards the development of the language and that obligations are imposed appropriately in response to demand from citizens.
We will review current investment and funding programmes that benefit Irish language organisations in order to achieve visible value for money for citizens and tangible outcomes on a transparent basis.
We will take steps to improve the quality and effectiveness of the teaching of Irish at second level. When these steps have been implemented, we will consider the question of whether Irish should be optional at Leaving Certificate.
Muintir na Gaeltachta míshásta le polasaí Gaeilge Fhine Gael Ceist na Gaeilge san Ardteist faoi chaibidil i nGaoth Dobhair from Comhdháil Náisiúnta naGaeilge on Vimeo. Bhí slua mór de 150 duine i láthair ag an chruinniú phoiblí a d’eagraigh Guth na Gaeltachta agus Coiste Mhá Tí Thír Chonaill sa Chrannóg i nGaoth Dobhair Dé Máirt, 15 Feabhra. Rinne Éamonn Mac Niallais cathaoirleach ar an chruinniú agus chuir sé tús leis go gairid i ndiaidh 7:00i.n. Mhínigh sé gurbh é príomhaidhm an chruinnithe plé a dhéanamh ar pholasaí Fhine Gael .i. deireadh a chur le stádas éigeantach na Gaeilge san Ardteist. I ndiaidh dó na haoichainteoirí a chur in aithne: Dinny McGinley TD (Fine Gael), Pearse Doherty TD (Sinn Féin), An Seanadóir Brian Ó Domhnaill (Fianna Fáil), John Duffy agus Seán Ó Maolchallann (An Comhaontas Glas), thug Mac Niallais le fios go bhfuair sé leithscéal ón Tánaiste Mary Coughlan agus ó Frank McBrearty (Páirtí an Lucht Oibre). Ina dhiaidh sin, léigh an cathaoirleach amach an ráiteas a fuair sé ón Chomhairleoir McBrearty. Bhí ábhar na litreach sin ag teacht le cuid mhór den phlé a bheadh le cloisteáil níos moille .i. cur i gcoinne pholasaí Fhine Gael!
Sular labhair na haoichainteoirí, thug Mac Niallais breac-chuntas ar an obair a bhí ar bun ag Guth na Gaeltachta ó bhí an cruinniú poiblí deiridh ann agus ar an ról neamhchlaonta a bhí sé ag glacadh mar ghrúpa tacaíochta neamhpholaitiúil, traspháirtí ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta. Mhínigh sé tábhacht chriticiúil na hArdteiste i gcóras oideachais na hÉireann ina iomlán agus na himpleachtaí diúltacha a bheadh ag polasaí Fhine Gael ar ról na Gaeilge ar fud an chórais, ní hamháin ag leibhéal na hArdteiste. Dá gcuirfí an polasaí i bhfeidhm, bheadh todhchaí na gcoláistí samhraidh Ghaeilge agus inmharthanacht eacnamaíochta phobal na Gaeltachta go mór i mbaol. D’aontaigh Gráinne Mhic Géidigh leis an mhéid sin agus í ag déanamh ionadaíochta do na Mná Tí.
Thug Seán Ó Maolchallann, agus é ag feidhmiú mar urlabhraí Gaeilge do John Arthur, breac-chuntas ar pholasaí an Chomhaontais Ghlais i dtaca leis an Ghaeilge de. Chuir sé deireadh lena chuid cainte ag rá go raibh a bpáirtí 150% i gcoinne pholasaí Fhine Gael! Rinne Pearse Doherty TD tagairt don dóigh ar sheol Sinn Féin a chuid moltaí i leith na Gaeilge taobh amuigh de Cheanncheathrú Fhine Gael ní ba luaithe sa lá. Dúirt sé go raibh a pháirtí iontach go deo míshásta le polasaí Fhine Gael agus go mbeadh impleachtaí tromchúiseacha eacnamaíochta ann do phobail Ghaeltachta dá gcuirfí i bhfeidhm é. Ba é Dinny McGinley TD an chéad chainteoir eile. Dúirt sé go mbeadh sé féin go pearsanta go mór in éadan aon rud a dhéanfadh dochar don Ghaeltacht nó don Ghaeilge. Mhaígh sé nár cuireadh ina luí air go fóill nach ndéanfadh an t-athrú polasaí seo dochar don Ghaeltacht nó don Ghaeilge ach go raibh sé ag fanacht le fáil amach cén toradh a bheadh ar an phróiseas taighde agus comhairliúcháin a gheall Éanna Ó Cionaoith. Dúirt sé, áfach, go raibh neart gnéithe dearfacha ag baint le polasaí Fhine Gael chomh maith agus chuir sé béim ar a thiomantas pearsanta féin don teanga agus ar a chuid iarrachtaí Gaeilge a úsáid chomh minic agus is féidir leis in imeachtaí na Dála. Dúirt sé go raibh sé féin míchompordach leis an pholasaí ach gur léirigh taighde ar nós an Staidéir Chuimsithigh Theangeolaíoch (2007) go raibh an Ghaeilge i mbaol báis mura ndéanfaí bearta radacacha. Ba é an Seanadóir Brian Ó Domhnaill an polaiteoir deiridh a labhair. Thug sé achoimre ar an dul chun cinn a rinneadh le blianta beaga anuas: TG4, Foras na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla, Stádas Oifigiúil agus Oibre san AE agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Dúirt sé go raibh a pháirtí dubh in éadan pholasaí Fhine Gael fosta agus, cosúil leis na cainteoirí eile, labhair sé faoin tionchar diúltach eacnamaíochta a bheadh ag a leithéid de pholasaí ar cheantair Ghaeltachta.
I ndiaidh cloisteáil ó na polaiteoirí uilig, chuir an cathaoirleach fáilte roimh cheisteanna ón urlár. Ba léir ón chéad chainteoir go bhfuil polasaí Fhine Gael ina cnámh spairne i measc phobal na Gaeltachta. Níor cuireadh fiacail ann! D’éist na polaiteoirí le tuairimí an lucht éisteachta agus ní raibh dabht ar bith ar McGinley go bhfuil an pobal thar a bheith míshásta le polasaí Fhine Gael agus go bhfuil an-imní orthu fá dtaobh de. Iarradh ar an pholaiteoir sinsearach a mhíniú cén dóigh a ndearna a pháirtí a leithéid de chinneadh; an ndearna breithniú cúramach air nó an é gur cleas a bhí ann, dírithe ar vótaí a tharraingt i gceantair uirbeacha? Mar pháirt den phlé agus caibidil, d’admhaigh McGinley nach ndeachthas i gcomhairle leis riamh ó thaobh cheapadh pholasaí Gaeilge Fhine Gael. Ní raibh sé ábalta a mhíniú ach an oiread cén taighde go sonrach a d’úsáid a pháirtí agus é ag ceapadh an pholasaí. Rinne McGinley iarracht fearg an lucht éisteachta a cheansú, ag rá go mbeadh sé ag súil go ndéanfaí comhairliúchán agus taighde mar is ceart sula ndéanfaí aon athrú ar stádas na Gaeilge.
D’iarr Éamonn Mac Niallais ar an Fheisire McGinley sampla iarrthóirí eile de chuid Fhine Gael a leanúint; chuir baill áirithe den pháirtí i nGaeltacht Chiarraí agus i nGaeltacht na Gaillimhe in iúl go hoscailte d’Éanna Ó Cionaoith go raibh siad in éadan an pholasaí seo. Cuireadh deireadh leis an chruinniú i ndiaidh an tseisiúin ceisteanna agus freagraí. Ghabh an cathaoirleach buíochas le gach duine a ghlac páirt sa díospóireacht agus d’impigh sé ar gach duine an achainí ar líne a shíniú in éadan pholasaí Fhine Gael (www.petitiononline.com/gaeilge/petition.html). Lena chois sin, d’iarr sé ar gach duine ceist na Gaeilge a ardú leis na polaiteoirí uilig nuair a thiocfaidh siad a chuardach vótaí agus go bhfreastalódh siad ar an chéad chruinniú poiblí eile a bheadh ag na polaiteoirí (Dé Luain seo chugainn in Ionad Naomh Pádraig, Dobhair) leis an scéal seo a phlé arís.
Tá Guth na Gaeltachta agus Coiste na mBan Tí i dTír Chonaill ag eagrú cruinniú sa Chrannóg i nGaoth Dobhair ar an Mháirt seo chugainn, 15 Feabhra, ag a 7 a chlog.
Leagan Béarla ar bun /English version below: LUCHT OIBRE AG TACÚ LE Pobal aontaithe na Gaeilge I DTACA LE hÁBHAR Ardteiste IN AM D'OLLTOGHCHÁN 2011 Agus baol ann go ndéanfar iarracht ísliú stádais a thabhairt don teanga ag leibhéal na hArdteiste i ndiaidh olltoghchán 2011, thug Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta cuireadh do na páirtithe leasmhara teacht le chéile leis seo a phlé ag cruinniú práinne san Óstán Menlo Park, Bóthar Áth Cinn, Gaillimh, ag an deireadh seachtaine. Airíodh eagraíochtaí oideachais, ceardchumainn mhúinteoirí, eagrais Ghaeilge, coláistí samhraidh, grúpaí mná tí, eagraíochtaí óige, agus eagraíochtaí Gaeltachta i measc na ngrúpaí ionadaíochta a d'fhreastail ar chruinniú Chonradh na Gaeilge agus Ghuth na Gaeltachta, agus cruinniú sásúil, spreagúil a bhí ann dar le Éamonn Mac Niallais, urlabhraí Ghuth na Gaeltachta: Ag cruinniú níos luaithe sa tseachtain, dheimhnigh Éamon Gilmore, ceannasaí Pháirtí an Lucht Oibre, do thoscaireacht Chonradh na Gaeilge go bhfuil Páirtí an Lucht Oibre chun seasamh le pobal na teanga agus an Ghaeilge a choinneáil mar phríomhábhar Ardteiste. Agus é ag caint faoin chéad chéim eile dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:
NÓTA DON EAGARTHÓIR: Fáthanna leis an nGaeilge a mhúineadh do gach duine mar chroí-ábhar go dtí leibhéal na hArdteiste:
Moltaí le múineadh na Gaeilge a fheabhsú: Seo a leanas moltaí le múineadh agus foghlaim na Gaeilge a fheabhsú inár scoileanna:
Ba chóir freisin moltaí Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 a chur i bhfeidhm, san áireamh:
Fadhbanna leis an nGaeilge a dhéanamh roghnach:
GILMORE'S LABOUR PARTY SUPPORTS RETAINING IRISH AS CORE LEAVING CERT SUBJECT AS GENERAL ELECTION 2011 LOOMS CLOSER With the possibility that the status of the language will be lowered at Leaving Cert level in the wake of the 2011 general election, Conradh na Gaeilge and Guth na Gaeltachta invited interested parties to an emergency meeting in the Menlo Hotel, Headford Road, Galway, this weekend. Educational organisations, teacher trade unions, Irish-language organisations, summer colleges, mná tí representatives, youth organisations, and Gaeltacht groups, were amongst the groups that attended the Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta meeting, and Éamonn Mac Niallais, a spokesperson for Guth na Gaeltachta, feels it was a good, spirited meeting: Earlier in the week, Éamon Gilmore, leader of the Labour Party, assured a Conradh na Gaeilge delegation that the Labour Party will support the language community and will ensure that Irish remains as a core Leaving Cert subject. Speaking of the next stage of the campaign, Julian de Spáinn, General Secretary of Conradh na Gaeilge said:
EDITOR'S NOTE: Reasons to teach Irish to everyone as a core-subject until Leaving Cert level:
Recommendations to improve the teaching of Irish: The following are recommendations to improve the teaching and learning of Irish in our schools:
The recommendations of the 20 Year Strategy for the Irish Language 2010 – 2030 should also be implanted, including:
Problems with making Irish optional:
Leagan Béarla ar bun /English version below: A chairde, Féach thíos roinnt taighde ar bhuiséid chruthaithe fostaíochta an Rialtais le 5 bliana anuas ó thosaigh an ghéarchéim airgeadais sa tír (foinse: www.finance.gov.ie): Ar dtús, má amharcann muid ar allúntais na bliana seo (Buiséad 2011) do bhuiséid chruthaithe fostaíochta do na heagraíochtaí éagsúla:
Tá sé soiléir go bhfuil ciorruithe ollmhóra déanta ar bhuiséad cruthaithe fostaíochta Údarás na Gaeltachta (-60%) i gcomparáid le haon eagraíocht eile. Níl aon laghdú déanta ar bhuiséad an IDA nó SFADCO agus níl ach laghdú 5% déanta ar Fhiontar Éireann. Má amharcann muid ansin ar na figiúirí le cúig bliana anuas, tá patrún soiléir le feiceáil:
Tá sé soiléir nach bhfuil mórán laghduithe déanta ar chaiteachas iomlán an Rialtais ó thaobh cruthú fostaíochta de (-1%) agus luíonn sé sin le ciall sa staid eacnamaíoch ina bhfuil muid faoi láthair. An rud nach bhfuil soiléir nó cén fáth go bhfuil ciorruithe ollmhóra 73% déanta ar bhuiséad cruthaithe fostaíochta sa Ghaeltacht nuair atá méadú 46% ar allúntais Fhiontair Éireann agus 20% ar SFADCO agus gan ach laghdú 11% i gceist don IDA? Má thógann tú figiúirí Údarás na Gaeltachta as an áireamh, is léir go bhfuil méadú 10% déanta ar chaiteachas cruthaithe fostaíochta an Rialtais le cúig bliana anuas (ó €152M i 2007 go dtí €167M i 2011). Cén fáth mar sin go bhfuil an t-idirdhealú soiléir seo á dhéanamh idir cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht agus taobh amuigh de ó thaobh polasaí Rialtais de? * Deir an Roinn go bhfuil EUR4.2milliúin sa bhreis ar seo ag an Údarás i mbliana de bharr scaranna a dhíol siad anuraidh ach tá fos laghdú ollmhór de 50% i gceist le seo san aireamh. ** Tá EUR3milliúin sa bhreis curtha ar fáil ag an Roinn i 2010 don Údarás le riaraistí Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a ghlanadh, sin an fath go bhfuil an figiúir seo ag EUR18 milliúin i gcainfhaisnéis 2011. Leagan Béarla /English version See below some research regarding Government expenditure on job creation since the start of the financial crisis in 2007( source www.finance.gov.ie) :
First of all, if we look at the various allocations to the various agencies for their job creation funds in Budget 2011:
It is very clear that the Údarás na Gaeltachta job creation fund has been very drastically cut by 60% whereas the IDA and SFADCO did not incur any cutbacks and Enterprise Ireland only suffered a samll decrease of 5%. If we examine the figures over the last five years:
It is very clear that total Government expenditure over the last five years on job creation has not been reduced significantly (-1%) and that is understandable given the nature of the current crisis. What is not clear however is why there is such a large decrease on job creation expenditure in the Gaeltacht(-73%) when both Enterprise Ireland(+46%) and SFADCO(+20%) received increased allocations and the IDA only suffered a decrease of 11% over these five years? If the figures for Údarás na Gaeltachta are excluded, it emerges that Government expenditure on job creation has actually increased by 10% over the last five years(from €152M in 2007 to €167M in 2011). Why therefore is there such a clearcut difference in Government policy between job creation in the Gaeltacht and in the country as a whole? * Department has ruled that the Údarás can retain €4.2M from the proceeds of a client company shareholding sale in 2010 to add to this amount bringing this total to €10M. However, there is still a huge decrease of 50% with this amended figure. ** This figure appears as €18M in Budget 2011 because of the inclusion of the payment of €3M in arrears to Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge dating from previous years.
Fáiltíonn Guth na Gaeltachta go ginearálta roimh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a foilsíodh inne. Is cinnte ma chuirtear na moltaí ginearálta go léir atá ann i bhfeidhm go mbeidh sé chun leas na teanga agus na Gaeltachta i gcoitinne. Is céim mór chun tosaigh é don teanga go bhfuil Straitéis náisiúnta agus comhtháite ann don chead uair aríamh. Fáiltíonn muid chomh maith roimh an tacaíocht laidir traspháirtí atá tugtha don Straitéis. Tá díoma orainn afach nach bhfuil na céimeanna a mhol Guth na Gaeltachta ó thaobh Polasaí Náisiúnta Oideachais don Ghaeltacht (solathar sonrach don chainteoir dúchais, curaclam úr dírithe ar an gcainteoir dúchais, Bord Oideachais don Ghaeltacht) agus Struchtúr Tacaíochta do na Teaghlaigh Gaeltachta(athrú ar an SLG, Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh) sonraithe sa Straitéis. Chomh maith le sin, ba chóir go mbeadh idirdhealú níos soiléire déanta idir feidhmeanna an Údaráis agus an Fhorais agus go mbeadh aitheantas tugtha do ról chriticúil Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. De bharr go bhfuil an Straitéis chomh ginearálta sin agus go bhfuil cuid mhór gnéithe nach bhfuil sonraithe ann, beidh cuid mhór ag brath anois ar an fhís agus an diongbhailteacht a bhéas ag an chead Rialtas eile ó thaobh cur i bhfeidhm na Straitéise. Béidh sé criticiúil cén soirt acmhainní a chuirtear ina threo mar go bhfuil ciorruithe móra déanta ar an Roinn, an tÚdarás, an tAcadamh agus na grúpaí pobail. Mar sin de, cé go bhfáiltíonn muid roimh an Straitéis mar dhushraith ginearálta, tá dushlán mhór romhainn go foill le cinntiú go gcuirfear i bhfeidhm é agus go gcuirfear i bhfeidhm na céimeanna sonrach atá uainn leis an Ghaeltacht a thabhairt slán. Istigh le seo, tá briseadh síos ar na hathruithe a rinneadh ar an dréacht straitéis le theacht ar an docuiméid a foilsíodh inne. Sílim go bhfuil mórchuid de na hathruithe sonraithe ann ach ma fheiceann sibh aon cheann nach bhfuil san aireamh agam, is féidir libh sin a chuir in iúil domh. Guímid Nollag Mhaith dhaoibh go léir agus gabhaimid ar mbuíochas libh as bhur dtacaíocht agus bhur gcomhoibriú le bliain anuas.
Buiséad 2011 - An Ghaeilge agus an Ghaeltacht Coimriú:
Cé go bhféadfadh sé bheith i bhfad níos measa da nglacfaidh le moltaí an Bord Snip Nua (réiteach a fháil dén Roinn, curaimí fiontraíochta an Údaráis, na scéimeanna Gaeltachta uilig, COGG agus araile), tá sé deacair feiceail cén áít a bhfuil an tiomantas ag dul a theacht as do chur i bhfeidhm an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá breis dualgais beartaithe don Údarás faoin Straitéis ach tá laghdú mór ar a bhuiséad. Tá muid thar a bheith imníoch faoi thodhchaí churaimí fiontraíochta Údarás na Gaeltachta de bharr an ciorradh mór sa chiste caipitil do chruthú fostaíochta. Mar i gcéanna, ta laghdú sunntasach ar mhaoiniú na heagraíochtaí pobail. Fágann seo an cheist, cé atá ag dul a thiomaint an Straitéis? Príomhphointí: 1. Caiteachas Gaeltachta agus Oileáin=laghdaithe 42% Tá laghdú ollmhór ar chaiteachas iomlán Gaeltachta agus Oileáin ó EUR112M i 2007 go dtí EUR40M do 2011(féach thíos). Ba é an rud a bhí molta ag an Bord Snip Nua i 2009 nó an caiteachas a ísliú go dtí EUR36M agus tá muid beagnach ag an figiúir sin anois do 2011. 2011 = EUR40milliúin 2010 = EUR69milliúin 2009 = EUR86milliúin 2008 = EUR105 milliúin 2007 = EUR112milliúin 2. Curaimí Fiontraíochta Údarás na Gaeltachta Tá laghdú ollmhór ar chaiteachas caipitil(ciste fiontraíochta/cruthú fostaíochta) an Údaráis thar an tréimhse céanna(féach thíos). Níl aon dabht ach go gciallaíonn seo go mbeidh tuilleadh ísliú ar líon na bpostanna a bhéas an Údarás ag cruthú sa Ghaeltacht i 2011 agus go dtabharfaidh sin armlón doibh siúd sa Státchóras atá ag iarraidh na curaimí fiontraíochta a bhaint dén Údarás agus a aistriú go Fiontair Éireann. 2011 = EUR6 milliúin* 2010 = EUR15milliúin** 2009 = EUR19milliúin 2008 = EUR22.5 milliúin 2007 = EUR22.5milliúin * Tá an Roinn ag maíomh go bhfuil EUR4.2milliúin sa bhreis ar seo ag an Údarás i mbliana de bharr scaranna a dhíol siad anuraidh ach tá an dainséar laidir ann go mbeidh an chead Rialtas eile ag úsaid an EUR6Milliúin seo mar shlat tomhais do bhuiséad 2012. Tá an Roinn ag rá chomh maith go mbeidh thart ar EUR2M sa bhreis ar seo chomh maith mar gheall ar dhíolaocht socmhainní i 2011 ach níor cuireadh sin san aireamh aon bhliain i gcainfhaisnéisí eile agus mar sin, ní féidir bheith a thabhairt san aireamh anois le comparaid ceart a dhéanamh. ** Tá EUR3milliúin sa bhreis curtha ar fáil ag an Roinn i 2010 don Údarás le riaraistí Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a ghlanadh, sin an fath go bhfuil an figiúir seo ag EUR18 milliúin sa chainfhaisnéis. 3. Comharchumainn/Naíonraí/Óige na Gaeltachta Tá laghdú EUR600,000 san allúntas seo i mbliana i gciste reatha Údarás na Gaeltachta, rud a chiallaíonn go bhfuil laghdú de beagnach EUR1milliúin nó 20% ar seo le dha bhliain anuas. Léirigh Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Padraig Ó hAoláin míshuaimhneas laidir i leith na ciorruithe seo ach go háirithe ar 7 LÁ areir rud a thugann le fios go bhfuil brú ollmór ar acmhainní don réimse pobail seo cheana féin. 4. Scéimeanna Gaeltachta Tá laghdú 9% nó EUR800,000 déanta ar an réimse seo ach níl aon briseadh síos tugtha ar na scéimeanna éagsúla go foill ach amháin i bpreasraitis an Aire go ndéir sé go bhfuil ciorraithe 5% ar na Mná Tí nó Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. 5. Eile * Beidh laghdú 2.6milliúin nó 36% ar Chiste na Gaeilge. * Beidh laghdú 16% ar Oifig an Chomisinéire Teanga. * Níl ach laghdú 1% ar bhuiséad TG4 ach go mbeidh sciar níos mo ag teacht ó RTÉ in áit ón chiste Stáit. * Níl aon sonraí tugtha faoi COGG. * Dúirt an tAire go bhfuil EUR1.5milliúin curtha i leataobh don Straitéis 20 Bliain ach ní fios cén áit a bhfuil sin san aireamh sa chainfhaisnéis. * Laghdú sunntasach ar an allúntas do na haerfoirt réigiúnda. Litir oscailte chuig an Taoiseach agus an Tánaiste faoi staid na GaeltachtaSheol grúpaí pobail as Gaeltacht Thír Chonaill litir oscailte faoi stáid na Gaeltachta chuig an Taoiseach agus an Tánáiste ar an 24 Lúnasa, 2010 ag iarraidh orthu:
Glacadh le moltaí uile an Chomhchoiste Dála faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus
Diultadh do mholtaí na Roinne Airgeadais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta mar a bhí leagtha amach sa tuarascáil 'Tosaíochtaí Infheistíochta Infreastruchtúir 2010 – 2016’
Seo na freagraí a fuair muid go dáta ón Taoiseach, an Tánáiste agus an tAire Comhionannais, Pobail agus Gaeltachta. Lá eolais in Óstán BuswellsD'eirigh go hiontach leis an lá eolais a d'eagraigh Guth na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge ar an Ceadaoin seo caite in Ostan Buswells i mBÁC. Féach thíos an liosta iomlán de na 82 polaiteoirí a chas linn ar an lá le cás na Gaeilge agus na Gaeltachta a phlé. Ar mbuíochas leo siúd agus leis na daoine uilig as na eagraíochtaí Gaeilge, Comhlachas na gComharchumann Gaeltachta, coistí pobail agus daoine aonoracha a thug cuidiú dúinn ar an lá.
Near90fm 8 "AR MUIN NA MUICE"
Bhí seastan eolais ag Guth na Gaeltachta ag lá ceiliúradh Pobal na Gaeilge sa 6 chonntae i mBéal Feirste inne chomh maith. Bhí scaifte ollmhór i lathair ag an ocaid seo in Aonach Naomh Sheoirse agus is léargas maith é dén obair leanúnach atá a dhéanamh ag na coistí Gaeilge ó thuaidh agus iad go minic ar bheagan acmhainní. Comhghairdeas leo agus tugaimid chuile tacaíocht doibh ina n-iarrachtaí Acht Teanga a bhaint amach mar a bhí geallta i gComhaontú Cill Ríbhínn.
Lá eolais in Óstán BuswellsDé Céadaoin, 6 Deireadh Fómhair (08:00 – 18:00)Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag eagrú lá eolais do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí ag tús na míosa seo chugainn. Is é aidhm an lae a chur in iúl do na hionadaithe poiblí go gcaithfidh an Rialtas:
Beidh ionadaithe ó gach Gaeltacht agus ó Dháilcheantair éagsúla ar fud na tíre i láthair le léiriú soiléir a thabhairt go bhfuil pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta aontaithe ag an am cinniúnach seo don teanga. Beidh fáilte roimh chách idir Theachtaí Dála, Sheanadóirí agus an phobal i gcoitinne theacht isteach agus bualadh linn in Óstán Buswells idir 8.00r.n. agus 6 i.n. ar an 6 Deireadh Fómhair. (Preas raiteas iomlán Gaeilge, English) ( Litir Samplach) ( La eolais in Ostan Buswells )
Guth na Gaeltachta ag moladh leasú a dhéanamh ar Scéim Labhairt na Gaeilge
The Irish Times - Pól Ó Muirí Níl maolú ar dhiongbháilteacht an Rialtais - Pat CareyNíl aon mhaolú tagtha ar dhiongbháilteacht an Rialtais maidir le gníomh fónta agus radacach a dhéanamh ar son na teanga,” a dúirt Aire na Gaeltachta, Pat Carey, leis an cholún seo an tseachtain seo. Bhí Carey ag tabhairt freagra ar litir oscailte a chuir an brúghrúpa Guth na Gaeltachta as Gaeltacht Dhún na nGall chun an pháipéir seo an tseachtain seo caite. Blog pól ó Muirí. (léigh)
Litir oscailte chuig an Taoiseach agus an Tánaiste faoi staid na Gaeltachta An Taoiseach Brian Ó Comhain & An Tánaiste Máire Ní Chochláinn, A Thaoisigh agus a Thánaiste, a chairde, Tá muid ag scríobh chugaibh mar phobal Gaeltachta aontaithe mar go bhfuil imní mhór orainn faoi Thuarascáil na Roinne Airgeadais ar Chaiteachas Caipitiúil 2010-2016. Má ghlactar lena bhfuil molta, beidh deireadh go praiticiúil leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus le hÚdarás na Gaeltachta faoi 2016 agus muid ag comóradh 100 Bliain Éirí Amach 1916.
Tá na ciorruithe is airde i ndán don Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta mar a léirítear thíos:
Mar is eol daoibh ón Staideár Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, tá géarchéim teanga ins an Ghaeltacht faoi láthair, fiú ins na Gaeltachtaí is láidre: Glacann muid leis go bhfuil muid i ndrochstaid eacnamúil faoi láthair agus go bhfuil gá le ciorruithe a dhéanamh i gcaiteachas an Stáit ach ní fhanfaidh slánú na Gaeilge sa Ghaeltacht le cúrsaí eacnamaíochta domhanda. Is muidinne, le meas,
Eagarfhocal Donegal News 27/8/2010
The Irish Language The Irish are not good at presenting a united front. Differences of opinion, personality clashes and pure bloody-mindedness have sunk many a good cause. As the old saying goes, the first item on the agenda is a split. Therefore an open letter signed by individuals from some thirty businesses and organisations should be treated seriously. This week we publish such a letter which was sent to the Taoiseach and the Tánaiste from interests in the Donegal Gaeltacht. Providing detailed figures they claim that if cuts are imposed then the Department of the Gaeltacht and Údarás na Gaeltachta will be extinct by 2016, the 100th anniversary of the Easter Rising. The letter writers argue that while all departments are facing cuts, the Department of Community Equality and Gaeltacht affairs' budget will be slashed by over 70% at a time when the Irish language is facing it's most serious challenge yet.
The writers quote from what is known as the The Comprehensive Linguistic Study of the Use of Irish in the Gaeltacht which concluded that Irish could be the minority language in the strongest gaeltacht areas within fifteen years.
Even for non-Irish speakers this should be unacceptable. Is the present ruling generation to be the one that allowed Irish to die in the gaeltacht because of an economic crisis? That is the stark question facing not only the government but our society. The answer must be a resounding no.
2016 Comoradh deireadh le Roinn na Gaeltachta agus Udaras na Gaeltachta? Na Príomhphointí ón chruinniú: 1. Cuireadh fáilte roimh Thuarascáil an Chomhchoiste Oireachtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus gabhadh buíochas leis an Chomhchoiste as an obair a rinne siad.. Tá gá le brú a chur ar an Rialtas glacadh leis na moltaí seo uilig agus iad a chur i bhfeidhm mar nach bhfanfaidh slánú na Gaeilge sa Ghaeltacht le cúrsaí eacnamaíochta domhanda."Is é tátal lom shuirbhé na ndaoine óga nach bhfuil ach idir 15 bliana agus scór blianta fágtha mar shaolré ag an nGaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail sa chuid is láidre den Ghaeltacht, is é sin le rá an chuid den Ghaeltacht a bhaineann le Catagóir A, mura féidir an patrún seo a chur ar mhalairt treo." (SCT, 2007:27)2. Léiríodh imní láidir faoi Thuarascáil na Roinne Airgeadais ar Chaiteachas Caipitiúil 2010-2016. Má ghlactar lena bhfuil molta beidh deireadh go praiticiúil leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus le hÚdarás na Gaeltachta faoi 2016 agus muid ag comóradh 100 Bliain Éirí Amach 1916. Tá gá le feachtas láidir stocaireachta le cur in aghaidh na tuarascála seo.3. Beidh Guth na Gaeltachta ag leanstan ar aghaidh ag stocaireacht go láidir go nglacfaidh le moltaí an Chomhchoiste Oireachtais agus nach nglacfar le moltaí na Roinne Airgeadais.Miontuairiscí Dé Céadaoine, 4 Lúnasa 2010
Cruinniú le Aire na Gaeltachta Bhí cruinniú ag Guth na Gaeltachta leis an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, an tUasal Padraig Ó Ciardha T.D., i mBaile Átha Cliath inné (19 Bealtaine). Rinneadh mionphlé faoin ghéarchéim teanga atá sa Ghaeltacht agus an géarghá atá ann go mbeadh an phráinn atá leis an cheist seo aitheanta go soiléir sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge rud nach raibh sa Dréacht a foilsíodh ar an 26 Samhain 2009. Glór na nGael Is léir go bhfuil cuid mhór éiginnteachta ag baint le cúrsaí maoinithe san earnáil dheonach Gaeilge faoi láthair. Tá fógra iomarcaíochta tugtha ag Glór na nGael do sheachtar dá gcuid fostaithe de bharr na héiginnteachta seo. Ba mhaith le Guth na Gaeltachta a dtacaíocht a léiriú do na heagrais Ghaeilge seo uilig agus go háirithe do Ghlór na nGael a bhfuil obair mhór déanta acu le blianta fada anuas le gné na Gaeilge den fhorbairt pobail a chothú ar fud na tíre agus go háirithe sa Ghaeltacht. Tá obair thábhachtach déanta acu mar aon leis na heagrais Ghaeilge eile. Is léir go bhfuil tiomantas láidir léirithe acu don teanga agus go spreagann na heagraíochtaí seo cuid mhór gníomhaíochtaí ar bhonn deonach sna pobail éagsúla. Ba mhór an chontúirt é don teanga má ligtear an tiomantas seo le sruth agus na spriocanna uaillmhianacha atá sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge le baint amach againn. Is é an phríomhláidreacht atá ag an teanga ná an tiomantas deonach seo a spreagann sé sa phobal i gcoitinne agus tá ról lárnach ag na heagrais Ghaeilge sa phróiseas sin.
Comhghairdeas le RITH 2010, rinneadh obair mhór. Tá muid ag súil go dtiocfaidh sé go Tír Chonaill an chead am eile, tá muid i mbun traenála cheana féin. Seo físeán ceoil goirid faoi:
D'eirigh go maith leis an chruinniú a bhí ann ar an Aoine seo caite leis an Comhchoiste Oireachtais faoin Dréacht Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Bhí cuid mhór toscaireachtaí i lathair ó chuile cheantair Gaeltachta agus is cinnte go bhfuair an Comhchoiste leargas maith ar an ghéarchéim teanga atá sa Ghaeltacht. Beidh cruinniú eile ag an Chomhchoiste gan mhoill ag a mbeidh Údarás na Gaeltachta, údair thuarascail Fiontar DCU agus údair an Staidéar Cuimsítheach Teangeolaíoch ar Úsaid na Gaeilge sa Ghaeltacht ag déanamh cur i lathair. Éist anseo le raiteas Ghuth na Gaeltachta don Chomhchoiste Oireachtais i gCois Fharraige ar an Aoine 26 Feabhra (7 noiméad .MP3 Sábháil an Nasc) Beidh deis eile ag pobal na Gaeltachta plé a dhéanamh ar impleachtaí an Dreacht Straitéis don Ghaeltacht le linn Éigse Uladh i nGaoth Dobhair an deireadh seachtaine seo(féach clár iomlán thíos ag bun an ríomhphoist seo). Beidh Séamus Mac Giolla Choill ón Roinn Gnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag tabhairt caint ar an Aoine faoin téama seo agus beidh sé ar fáil chomh maith ar an Satharn don seisiúin plé. Is deis maith é seo do na coistí pobail ach go háirithe soiléiriú a fháil ar an athstruchturadh atá beartaithe ag an Roinn. Éigse Uladh 2010 (Clár)
Téama: “Forbairt Pobail agus Pleanáil Teanga i gcomhthéacs an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge i dtaca leis an Ghaeltacht” Tionólfar an cruinniú Gaeltachta den Comhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta in Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Chois Fharraige, Indreabhán, Co na Gaillimhe ar an Aoine an 26 Feabhra 2010.Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 Dréacht:
Céim 1
1. Spriocanna: Go mbeadh spriocanna sonracha luaite sa Stráitéis, ní hamháin i dtaca le líon na gcainteoirí laethúla sa tír ina iomlán a mhéadú, ach fosta: i. líon na gcainteoirí dúchais sa Ghaeltacht sa mhéadú ii. líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht a mhéadú. iii. líon na dteaghlach atá ag tógail a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di a mhéadú.
2.Polasaí Náisiúnta maidir le hOideachas Gaeltachta Tá práinn faoi leith le polasaí soiléir a bheith ceaptha maidir le hoideachas Gaeltachta a chuimseodh na nithe seo a leanas: i. Soláthar sonrach a dhéanamh don chainteoir dúchais i naíonraí agus i mbunscoileanna Gaeltachta nó i gcás ceantair le daonra níos ísle, go ndéanfar soláthar don chainteoir dúchais i sruthanna faoi leith sna naíonraí agus sna bunscoileanna. Faoi láthair, tá an soláthar céanna á dhéanamh ins na scoltacha Gaeltachta ar na cainteoirí dúchais (páistí a bhfuil an Ghaeilge mar theanga bhaile acu) agus atá ar na foghlaimeoirí (páistí a bhfuil an Béarla mar theanga bhaile acu). De réir na saineolaithe teanga, níl an córas sin chun tairbhe ceachtar den dá ghrúpa. ii. Go mbeadh curaclam úr ann dírithe ar riachtanais na gcainteoirí dúchais. iii. Go mbunófaí Bord Oideachais sa Ghaeltacht le haidhmeanna oideachais an Stáit sa Ghaeltacht a cheapadh, a bhainistiú agus monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn. Tá muid ag moladh an cúram sin a thabhairt d'eagraíocht ar nós: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG). iv. Go bhfuil soiléiriú ag teastáil sa Straitéis ar na hAonaid Sealbhaithe Teanga atá beartaithe do na trí phríomhcheantar Gaeltachta.
3. Struchtúr Tacaíochta do na Teaghlaigh Ghaeltachta: i. Scéim cosúil le Scéim Labhairt na Gaeilge (SLG) a bheith ann dírithe ar an chainteoir baile agus ar na blianta 0-7. ii. Go gcuirfí gréasáin d’Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh sa Ghaeltacht ar fáil mar thaca do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge. iii. Go ndéanfar soiléiriú sa Straitéis go ndáilfí maoiniú ar chúrsaí sóisialta, spóirt agus pobail ar phobail éagsúla Ghaeltachta ar an tuiscint go reáchtálfar a gcuid imeachtaí tré Ghaeilge agus ar bhealach atá ag teacht le plean teanga an cheantair. Céim 2: Tá míshuaimhneas mór léirithe i measc phobal na Gaeltachta i gcoitinne faoin athrú róil atá beartaithe d’Údarás na Gaeltachta. Tá gá le soiléireacht faoin ról úr seo a bheith sonraithe sa Straitéis lena chinntiú nach mbeidh céim síos á thabhairt d’fhócas Gaeltachta na heagraíochta. Ba chóir go mbeadh treisiú á dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an Stáit sa Ghaeltacht mar gur ins an Ghaeltacht atá an ghéarchéim teanga. i. Go mbeadh cúraimí nó feidhmeanna an Údaráis (go hairithe cúraimí fiontraíochta) leagtha amach go soiléir sa Straitéis agus go mbeadh idirdhealú déanta eatarthu agus cúraimí Fhoras na Gaeilge. ii. Go mbeadh an teideal ‘Údarás na Gaeltachta agus na Gaeilge’ ar an ghníomhaireacht úr. iii. Go mbeadh fostaíocht teanga-lárnaithe luaite sa Straitéis mar cheann de phríomhaidhmeanna an Údaráis sa Ghaeltacht. iv. Go mbeadh an ról príomhúil ag an Údarás i gcúrsaí pleanála sa Ghaeltacht le cosaint a thabhairt don teanga. v. Go mbeadh maoiniú an Údaráis á dháileadh sa Ghaeltacht de réir pleananna sásúla teanga a bheith curtha ar fáil ag na ceantair/pobail agus go mbeadh an maoiniú bunaithe ar na pleananna sin. vi. Go mbeadh soiléiriú ar ról lárnach eagraíochtaí pobalbhunaithe, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, i bhfeidhmiú na Straitéise ar an talamh i gcomhair leis an Údarás agus go mbeadh maoiniú cuí á chur ar fáil do na heagraíochtaí sin thar thréimhse mheántéarmach in áit a bheith ag brath ar dheontas bliantúil. Thabharfadh sé sin deis dóibh pleananna a chur le chéile agus earcú agus forbairt a dhéanamh ar an fhoireann chuí. vii. Go mbeadh tacaíocht/comhairleoireacht/próiseas cuí á c(h)ur ar fáil do na heagraíochtaí pobalbhunaithe i dtaobh pleananna teanga a chur le chéile, a chur i gcrích agus a mheas. 3. Moltaí Eile i. Go mbeadh áit sa churaclam scoile d’fheasacht chultúrtha/stair theanga na hÉireann leis an aos óg a chur ar an eolas faoi oidhreacht luachmhar teanga agus chultúrtha na hÉireann. ii. Go nglacfaí leis an mholadh Aire Stáit don Ghaeloideachas a bheith ceaptha sa Roinn Oideachais. iii. Go léireodh an Rialtas é féin an sampla ó thaobh ‘normalú’ na teanga de i dTithe an Oireachtais. iv. Go mbeadh athbhreithniú neamhspleách á dhéanamh ar dhul chun cinn na Stráitéise ag mar shampla, an Coimisinéir Teanga, go rialta. v. Má tá fiche faoin gcéad de na háiteacha ins an Coláistí Oiliúna le bheith curtha i leataobh d'ábhair oidí ón Ghaeltacht nó ón chóras Gaelscolaíochta, luíonn sé le ciall go mbeadh sé mar aidhm, go fadtéarmach, go mbeadh Coláiste Oiliúna lán-Ghaeilge ann, lonnaithe i gceantar Ghaeltachta. vi. Go gcinnteofar go bhfuil comhthéacs uile-oileáin ag an Straitéis de réir a chéile agus go bhfuil go leor acmhainní agus tacaíochta ag pobal na Gaeilge sna 6 Chontae agus nach ndéanfar atheagrú ar earnáil óg dheonach na Gaeilge ó thuaidh mar gheall ar phlean atá dírithe ar chúinsí na teanga ó dheas. Cúlra Ghuth na Gaeltachta
NÍOR chóir deireadh a chur leis na prionsabail ar throid muintir na Gaeltachta agus na Gaeilge ar a son go dícheallach. Seo a leanas achoimriú ar na prionsabail sin:
Seo físeán gearr faoi Ghuth na Gaeltachta atá thart ar 5 nóiméad ar fhad. Déantar cur síos ann ar an Seoladh Náisiúnta le linn Oireachtas na Gaeilge 2009 i Leitir Ceanainn, príomh mholtaí an Bord Snip Nua i dtaca leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht agus ar aidhmeanna an fheachtais pobail seo. Tá cúpla urlabhraí ón ghrúpa, ionadaithe pobail chomh maith leis na grúpaí ceoil An Chrann Óg agus Cor Thaobh a Leithid le feiceáil ann
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Cá bhfuil do Chomhairle Contae ?
Ár mbuíochas le Comhairleoirí Contae Dhún na nGall as an seasamh aontaithe a ghlac siad don Ghaeltacht agus don Ghaeilge. Seol ríomhphost chugainn ag an seoladh atá luaite thíos le do thacaíocht a chur in iúl. (Déan an seoladh a scríobh isteach i do chóras ríomhphoist.)
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Is feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta . |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||