"Nochtar Gal Gréine re crann, Bratach Fhinn fá garg i dtreas, Lomlán do chlochaibh don ór Dar liom, fá mór a meas."

f/ch An Chrannóg, Srath na Corcra, Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall. (074) 9532208

Baile - Cé Muid Féin - Achainí Sínithe - Achoimriú - Summary- Nuacht- Achainí - Naisc

GAELTACHT BEO I MAIGH EO!
maigh eo

 

Chuir muintir Ghaeltacht Mhaigh Eo fáilte roimh urlabhraithe ‘Guth na Gaeltachta’ an Aoine seo caite in Óstán Broadhaven Bay. Labhair Eamonn Mac Niallais agus Dónall Ó Cnáimhsí faoin bhfeachtas aontaithe Gaeltachta agus Gaeilge, ‘Guth na Gaeltachta’.

Is é ceann de na príomhaidhmeanna atá ag an bhfeachtas Guth na Gaeltachta ná go mbeidh muintir na Gaeltachta agus Gaeilge ar aon intinn faoin dteanga agus a todhchaí. Mhínigh na hurlabhraithe go raibh siad ag lorg tacaíocht ó gach Gaeltacht chun an feachtas i gcoinne moltaí Mhic Cárthaigh a láidriú agus troid i gcoinne na míchothromaíochtaí gearradh siar sna roinn éagsúla. Léirigh Eamonn Mac Niallais go soiléir go raibh sé molta ag an Bord Snip ciorraithe de 58% i gcaiteachas sna Gaeltachtaí agus na hoileáin a chuir i bhfeidhm i gcomparáid le ciorraithe ar mheán 9% sna roinn eile. D’aontaigh muintir Ghaeltacht Mhaigh Eo go raibh na figiúirí seo éagórach agus go raibh ionsaí déanta ar an nGaeltacht agus stádas na Gaeilge.
Pointe eile a chuaigh i bhfeidhm ar muintir na háite ná go bhfuil an Bord Snip Nua ag iarraidh deireadh a chur leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta - rud a chiallaíonn nach mbeadh Aire Gaeltachta againn níos mó chun seasamh taobh linn.

Mhol an t-Uasal Mhic Niallais an scéal a scaipeadh i measc pobail Mhaigh Eo agus na hachainí a fháil sínithe. Cé go ndeireann an tAire Gaeltachta Eamonn Ó Cúiv nach bhfuil i dtuarascal Mhic Cárthaigh ach moltaí tá géar gá le feachtas aontaithe Gaeltachta agus Gaeilge chun dul i ngleic le aon bagairtí a mbeidh ann don teanga sa todhchaí.

Tá lá eolais eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta in Óstán Buswells i mBaile Átha Cliath ar an 2ú Nollag. Cuirtear fáilte roimh na Teachtaí Dála teacht ag an ocáid i gcaitheamh an lae chun moltaí an Bhord Ship Nua agus an Plean 20 Bliain don Ghaeilge a phlé le ionadaithe ó na Gaeltachtaí uilig roimh an cáinfháisnéis ar an 9ú Nollag. Tá Guth na Gaeltachta ag iarraidh daoine óga atá dúil acu sa Ghaeilge agus cúrsaí Gaeltachta a mhealladh ar an dara lá. Tá sé fúthú úinéireacht a thógáil do thodhchaí na teanga. Beidh ionadaithe óige ó Gaeltacht Mhaigh Eo ag freastal ar an lá eolais agus tá fáilte roimh éinne atá an suim agus an t-am acu.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le muintir an Cheathrú Thadhg, an Fód Dubh agus Béal an Mhuirthead as ucht teacht chun tacaíocht a thabhairt do Guth na Gaeltachta, le Eamonn Mac Niallais agus Dónall Ó Cnáimhsí as ucht an taistear fada a dhéanamh ó Gaoth Dóbhair chun labhairt linn agus David Tyrell in Óstán Broadhaven Bay as ucht seomra a chuir ar fail dúinn saor in aisce ar an oíche.

Daoine i láthair
Fidelma D Uí Pháidín
Clodagh Ní Bhric
Eimear Nic Thámhais
Máirtín Mac Donnchadha
Gearóid Ó Muirithe
Ciarán Ó Murchú
Mairéad Bn Uí Mhuinghealla
Philomena Mhic Amhlaoibh
Eamonn Ó Duimhín
Treasa Ní Ghearraigh
Uinsíonn Mac Graith
Máire Cáit Uí Mhurchú
Áine Ní Mhurchú
Lionórd Fliod
Fergus Mac Suibhne
Caitlín Bn Uí Pháidín
Cormac de Róiste
Laoise Ní Dhúda
Jason Mangan
Seán Ó hArractáin
Seán Ó Gallchóir
Ian Mac Aindriú
Úna Uí Ghiollachaoin
Hannah Uí Choigligh
Stephanie Uí Fhallún
Máire Uí Chaolaigh

Leithsceál ag:
Dara Calleary
Josephine McGinty
Máire Breathnach
Rose Conway Walsh
Celia Uí Dhomhnaill
Micheal Kilcoyne
Séamus Ó Muirithe
Michael Mc Namara
Oonagh Kelleher