"Nochtar Gal Gréine re crann, Bratach Fhinn fá garg i dtreas, Lomlán do chlochaibh don ór Dar liom, fá mór a meas."

f/ch An Chrannóg, Srath na Corcra, Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall. (074) 9532208

Baile - Cé Muid Féin - Achainí Sínithe - Achoimriú - Summary- Nuacht- Achainí - Naisc


 

 

Roinn na Gaeltachta faoi cheannasaíocht an Aire a choinneáil


Faoi láthair, tá an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag caitheamh suas le €85.9 milliún ar chláracha Gaeltachta agus oileán. Sa bhreis air sin, tá €8.4 milliún ar fáil do ‘Chiste na Gaeilge’, foinse airgid a mhaoiníonn eagraíochtaí agus tionscnaimh ar nós: Bord na Leabhar Gaeilge, Gaillimh le Gaeilge, Gael-Taca srl.
Tá an Bord Snip Nua ag moladh gur chóir:

Ní aontaíonn muid gur chóir ciorruithe de 58% a dhéanamh ar chaiteachas Gaeltachta agus Oileán nuair nach bhfuil ach laghdú de 9.4% ar an mheán á mholadh d’earnálacha eile.  Tá sé sin éagórach
Tá sé fíorthábhachtach go mbeidh aire rialtais ann sa chomhaireacht agus é/í freagrach as cúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge. Buille tubaisteach a bheadh ann dá n-aistreofaí cúraimí Gaeilge agus Gaeltachta chuig an Roinn Oideachais. Tá cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i bhfad róthábhachtach le bheith i bhfolach i Roinn ollmhór mar sin. 

Cén aird a bheadh ag an Aire Oideachais orainne nuair nach mbeadh ach 0.5% de bhuiséad na Roinne sin á chaitheamh ar an Ghaeilge agus ar an Ghaeltacht?

 

Is feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta
atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta .